Ócáidí Scoile

Ócáidí Scoile

Bíonn ócaidí scoile ar siúl i rith na bliana chun obair na bpaistí a chéilúradh nó chun féile nó feachtas éigean a chur chun cinn.

Bíonn Seachtain na Gaeilge mar bhuaic pointe na bliana anseo i nGaelscoil na Mara. Bíonn céilí clainne againn agus Lá Mór Glas ar scoil chuile bhliain Dé hAoine roimh Lá Fhéile Pádraig.

Bíonn Lá Domhanda na Leabhar ar siúl i Mí Márta.

Bíonn turasanna scoile i rith na bliana chun tacú leis an bhfoghlaim agus de ghnáth bíonn lá do thuras ag chuile rang i Mí Bealtaine nó Mí An Mheithimh chuile bhliain.

Bíonn Lá Spóirt do Chách againn i Mí Meithimh agus glacann na pásití, foireann na scoile agus tuismitheoirí páirt ar an lá iontach seo!

Gléasaimid ar fad suas chun Oíche Shamhna a chéilúradh agus bíonn spóirt agus spraoi ar scoil le paráid agus taispeáintais scoile an Aoine roimh Oíche Shamhna.

Bíonn seóanna difriúla ar siúl i rith na bliana, ach bíonn Seó nó Ócáid na Nollag gach dara bhliain anseo sa scoil.

Is le cabhair agus tacaiocht Cairde na Scoile (Cumann na dtuismitheoirí) go bíonn an scoil in ann na hÓcáidí seo a chur ar fáil do phobal na scoile agus táimid thar a bheith buíoch as an tacaíocht seo i gcónaí!

Ócáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí ScoileÓcáidí Scoile
23-Feabh-2026
ceardlann scríbhneoireachta Fighting Words
Baile Uisce, Domhnach Bat, Contae Átha Cliath. K36WT02
01 843 5197
Cumarsáid
Suíomh / Location
© 2026 Gaelscoil na Mara