Ceachtanna Ceoil

Ceachtanna Ceoil

Ranganna Fidile le Múinteoir Nicole

Tá club fidle oscailte do pháistí ó R1 ar aghaidh. Sa chlub, bíonn na páistí ag foghlaim conas an fhidil a sheinnt, amhráin traidisiúnta na tíre chomh maith le teoiric an cheoil. Ní hamháin go gcuireann sé seo go mór le cultúr na Gaelscoile ach bíonn go leor craic i gceist freisin!

Bíonn Rang céim 2 ar siúl gach Céadaoin ó 14.15-14.45 agus

Rang céim 1 ar siúl gach Déardaoin ó 14.15-14.45.

Tar i dteagmháil le Múinteoir Nicole ag an seoladh seo do thuilleadh eolais -nicole@gaelscoilnamara.ie .

Ranganna Feadóg Stáin le Múinteoir Máille

Cuirtear ceachtanna feadóige stáin ar fáil sa scoil do dhaltaí ar mian leo uirlis thraidisiúnta a fhoghlaim. Is ceachtanna 30 nóiméad iad seo a reáchtáiltear i ngrúpaí beaga chun díriú ar dhul chun cinn an pháiste.

Amchlár na Ranganna:

  • Bunrang: Dé Luain @ 2:15 i.n. – 2:45 i.n.

  • Feabhsaitheoirí: Dé Céadaoin & Déardaoin @ 2:15 i.n. – 2:45 i.n.

Is trí mheán na Gaeilge amháin a mhúintear na ranganna seo. Tá sé mar aidhm ag an teagasc cumas ceoil na ndaltaí a fhorbairt agus, ag an am céanna, grá don teanga agus don chultúr a chothú iontu go nádúrtha.

Má tá tuilleadh eolais uait nó má tá ceist ar bith agat, is féidir teagmháil a dhéanamh liom tríd an ríomhpost thíos: maille@gaelscoilnamara.ie

Ceachtanna Ceoil
Baile Uisce, Domhnach Bat, Contae Átha Cliath. K36WT02
01 843 5197
Cumarsáid
Suíomh / Location
© 2026 Gaelscoil na Mara