Tá Na Crosóga Mara (N1) tar éis sárobair a dhéanamh le linn a gcuid céad mhí ar scoil! Tá siad socraithe isteach go hálainn, ag baint an-taitneamh as saol na scoile agus as na gníomhaíochtaí spraíúla ar fad gach lá. Tá ag éirí go hiontach leo ach go háirithe leis na stáisiúin mata, áit a bhfuil siad ag foghlaim go dícheallach trí shúgradh. Seo cúpla grianghraf díobh agus iad i mbun oibre!