Táimid ar bís go bhfuil Comhairle na nDaltaí againn anois i nGaelscoil na Mara. Tá beirt ainmnithe ó Rang a 1- Rang a 4 agus beidh siad ag tabhairt faoi thionscadail éagsúla sa scoil. Beidh an coiste ag athrú gach téarma.
Is iad aidhmeanna Chomairle na nDaltaí ná:
-
Smaointe na ndaltaí a chur chun cinn sa scoil.
-
Cairdeas agus meas a chothú i measc na bpáistí.
-
Dea-chaidreamh a fhorbairt idir daltaí, an foireann agus bainistíocht na scoile.
Tá sé tábhachtach dúinn go mbeidh guth na bpáistí le cloisteáil agus go mbeidh siad mar chuid de réiteach na faidhbe nuair a thagann deacrachtaí chun solais maidir le himeachtaí scoile.
An chéad tionscadail a bheidh acu ná an Siopa Gaeilge a rith. Beidh deis ag na daltaí ar fad cartaí Gaeilge a bhailiú sa chlós. Ansin, beidh na páistí in ann duaiseanna eagsúla a cheannach lena gcartaí Gaeilge sa siopa Gaeilge gach mí.