OSIE

25-Bealtaine-26
OSIE

Bhí an-spraoi againn ar scoil le cúpla seachtain anuas.

Bhíomar ag foghlaim faoi shaolré lusanna na gréine. Chuir na páistí síolta sa rang. Táimid ag cur uisce orthu gach lá. Nuair a éiríonn siad mór beimid ag cur na síológa sa ghairdín scoile. Bígí ag faire amach dóibh nuair atá sibh ag siúl ar scoil gach maidin.

Bhí peataí ranga againn freisin. Bhí cruimheanna cabáiste againn agus d'fhéachamar orthu ag fás agus ag forbairt. Ar deireadh, bhí cúig fhéileacán againn. Bhí na páistí ar bís nuair a scaoileamar saor iad an Aoine seo caite.

Táimid ag baint an-sult as an dea-aimsir. Bhí picnic againn amuigh faoin ngrian inniu. Tá súil againn go mbeidh deis eile againn a bheith ag ithe taobh amuigh an tseachtain seo :)

OSIEOSIEOSIEOSIEOSIEOSIEOSIEOSIE
© 2026 Gaelscoil na Mara