ceardlann 'Fighting Words'

ceardlann scríbhneoireachta Fighting Words
23-Feabhra-26
ceardlann 'Fighting Words'

D'fhreastal na páistí ó rang na bPortán agus na bPiongainí ar cheardlann scríbhneoireachta 'Fighting Words' le déanaí. Ghlac na páistí páirt i dplé oscailte agus tarraingteach faoin bpróiseas scríbhneoireachta ar dtús sular thosaigh siad ag bailiú smaointí mar ghrúpa iomlán chun scéal ranga a phleanáil. Ansin, bhí sé in am dóibh a gcuid scéalta agus stílghreannáin féin a chruthú! Bhí chuile duine i mbun oibre agus bhí scéal álainn, cruthaitheach mar thoradh acu ag an deireadh. Ár míle buíochas leis an bhfoireann 'Fighting Words' a bhí i láthair chun muid a éascú. Lá thar a bheith spraíúil agus tarraingteach a bhí ann do na páistí.

ceardlann 'Fighting Words'ceardlann 'Fighting Words'ceardlann 'Fighting Words'ceardlann 'Fighting Words'ceardlann 'Fighting Words'ceardlann 'Fighting Words'ceardlann 'Fighting Words'
Baile Uisce, Domhnach Bat, Contae Átha Cliath. K36WT02
01 843 5197
Cumarsáid
Suíomh / Location
© 2026 Gaelscoil na Mara