Lá Oscailte na Leabharlainne

Na pionguin agus na portáin ar cuairt sa leabharlann nua
30-Eanáir-26
Lá Oscailte na Leabharlainne

D'fhreastal na páistí ó rang na bpiongainí agus rang na bportán ar ócáid álainn sa leabharlann nua chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nua. Bhí am den scoth ag na páistí idir am a chaitheamh leis na leabhair, ceol agus go leor craic ag an seó draíochta. B'onóir mhór é seo dóibh a bheith i láthair ag an oscailt agus bhí na páistí an-tógtha leis an spás agus leabhair nua atá ar fáil ann. Ár mbuíochas leis an bhfoireann leabharlainne agus as Comhairle Contae Fhine Gall don deis iontach a thabhairt dúinn.

Lá Oscailte na LeabharlainneLá Oscailte na LeabharlainneLá Oscailte na LeabharlainneLá Oscailte na LeabharlainneLá Oscailte na Leabharlainne
01-DFómh-2026
Ag filleadh ar an scoil
© 2026 Gaelscoil na Mara